Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 6:6-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ióách a mhacsan, Ideo a mhacsan, Zearach a mhacsan, Iataraí a mhacsan.

7. Clann mhac Chohát: Amaíneádáb a mhacsan, Corach a mhacsan, Aisír a mhacsan,

8. Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan,

9. Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan.

10. Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot.

11. Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan,

12. Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan.

13. Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.

14. Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac,

15. Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan.

16. Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta.

17. Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.

18. Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil,

19. mac Ealcáná, mac Iarochám, mac Eilíéil, mac Thóach,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 6