32. mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví.
33. Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna.
34. Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.
35. Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan,
36. Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan,
37. Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan,
38. Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan.
39. Seo iad a n‑áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d'fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),
40. thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird;
41. ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna.
42. Do chlann mhac Árón, thug siad na cathracha tearmainn: Heabrón, Libneá agus a thalamh féaraigh, Iaitir, Eistimeo, lena thalamh féaraigh,
43. Híléin lena thalamh féaraigh, Deibír lena thalamh féaraigh,
44. Áiseán lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh.
45. Ó threibh Bhiniáimin thug siad Geaba lena thalamh féaraigh, Ailimit lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh; fuair a bhfiní trí chathair déag ar fad.
46. Tugadh ar cranna don chuid eile de na Cohátaigh, deich gcathracha ó fhiní na treibhe, ón leath-threibh, leath Mhanaise.
47. Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán.
48. Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun.