Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 6:30-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. mac Haisibiá, mac Amaiziá, mac Hilcíá,

31. mac Aimzí, mac Bháiní, mac Sheimir,

32. mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví.

33. Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna.

34. Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.

35. Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan,

36. Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 6