Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 6:28-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. mac Iachat, mac Ghéirseom, mac Léiví.

29. Ar chlé bhí clann mhac Mharáraí: Éatán mac Chisí, mac Aibdí, mac Mhallúc,

30. mac Haisibiá, mac Amaiziá, mac Hilcíá,

31. mac Aimzí, mac Bháiní, mac Sheimir,

32. mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví.

33. Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna.

34. Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.

35. Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan,

36. Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan,

37. Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan,

38. Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan.

39. Seo iad a n‑áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d'fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 6