7. Thugadar i gcomhair sheirbhís theach Dé, chúig mhíle tallann agus deich míle dáireach óir, deich míle tallann airgid, ocht míle déag tallann cré-umha, céad míle tallann iarainn.
8. An té a raibh clocha lómhara aige, thug sé iad do chiste theach an Tiarna, le bheith faoi chúram Ichíéil an Géirseonach.
9. Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.
10. Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.
11. Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
12. Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.
13. Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d'ainm.
14. Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
15. Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.
16. A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.
17. Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.