Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 29:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d'ór agus d'airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé -

4. trí mhíle tallann óir d'ór Óifír, agus seacht míle tallann airgid athleáite, le ballaí na bhfoirgneamh a chumhdach.

5. Cibé ór atá agaibh, agus cibé airgead atá agaibh, nó cibé saothar ó láimh an cheardaí atá agaibh, cé acu agaibh a dhéanfaidh é a thógáil ina láimh agus a thíolacadh go deonach don Tiarna?”

6. Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n‑ofrálacha deonacha.

7. Thugadar i gcomhair sheirbhís theach Dé, chúig mhíle tallann agus deich míle dáireach óir, deich míle tallann airgid, ocht míle déag tallann cré-umha, céad míle tallann iarainn.

8. An té a raibh clocha lómhara aige, thug sé iad do chiste theach an Tiarna, le bheith faoi chúram Ichíéil an Géirseonach.

9. Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.

10. Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.

11. Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.

12. Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.

13. Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d'ainm.

14. Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.

15. Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.

16. A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.

17. Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 29