Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 29:12-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.

13. Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d'ainm.

14. Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.

15. Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.

16. A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.

17. Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

18. A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin.

19. Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”

20. Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.

21. Lá arna mhárach d'ofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna - míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n‑íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir.

22. D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.

23. Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó.

24. Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.

25. Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe.

26. Bhí Dáiví mac Ieise ina rí ar Iosrael ar fad.

27. Bhí sé daichead bliain i réim ar Iosrael; bhí sé seacht mbliana i réim i Heabrón, agus tríocha trí bliana in Iarúsailéim.

28. D'éag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus d'onóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air.

29. Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,

30. mar aon le tuairisc ar a réimeas, ar a ghaisce, ar na cora cinniúna a bhuail é féin agus Iosrael agus flaithis na dtíortha eile go léir?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 29