Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 27:26-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt;

27. bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar;

28. bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;

29. bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta;

30. bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail;

31. bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.

32. Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí.

33. Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí.

34. Tháinig Iahóideá mac Bhanáiá agus Aibíátár in áit Aichítifeil. Bhí Ióáb i gceannas ar arm an rí.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 27