Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 27:14-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

15. Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.

16. Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh.

17. Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh;

18. Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh.

19. Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh.

20. Hóiseá mac Azaiziá do na hEafráimigh. Ióéil mac Phadáiá do leaththreibh Mhanaise.

21. Ideo mac Zacairiá do leath-threibh Mhanaise i nGileád. Iasaíéil mac Aibnéar do Bhiniáimin.

22. Azarael mac Iarochám do Dhán. Ba iadsan uachtaráin threibheanna Iosrael.

23. Níor áirigh Dáiví an mhuintir a bhí faoi fiche bliain d'aois, mar gur gheall an Tiarna go ndéanfadh sé Iosrael chomh líonmhar le réaltaí na spéire.

24. Chuir Ióáb mac Zarúá tús le daonáireamh, ach níor thug sé chun críche é. Tháinig fraoch feirge ar Iosrael dá bharrsan agus níor shroich an t‑áireamh an líon atá le fáil in Annála Dháiví rí.

25. Bhí Azmávat mac Aidiéil ina mhaor ar thaiscí an rí; bhí Iónátán mac Uiziá ina mhaor ar na taiscí faoin tuath, sna cathracha, sna bailte, agus sna caisil;

26. bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt;

27. bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar;

28. bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;

29. bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta;

30. bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail;

31. bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 27