Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 26:5-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t‑ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa.

6. Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad.

7. Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Obaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana.

8. Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid d'Obaed Eadóm.

9. Bhí clann mhac agus bráithre ag Misilimiá; ochtar déag gaiscíoch.

10. Bhí clann mhac ag Hosá - duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé narbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de.

11. Hilcíá an dara duine, Tabailiá an tríú duine, Zacairiá an ceathrú duine. Bhí triúr déag ar fad de chlann mhac agus de bhráithre ag Hosá.

12. Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna.

13. Cuireadh gach geata ar cranna dóibh, idir fhiní sinsearacha agus fhiní sóisearacha.

14. Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean.

15. Thit an crann don taobh theas ar Obaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac.

16. Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht:

17. ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh;

18. don Pharbár: ceathrar ag an mbóthar, beirt ag an bParbár.

19. Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch.

20. Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.

21. Clann mhac Ladán, clann Ghéirseon ó thaobh Ladán, bhí na hIchíéiligh mar chinn finí acu, ar fhiní Ladán an Géirseonach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 26