Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 26:12-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna.

13. Cuireadh gach geata ar cranna dóibh, idir fhiní sinsearacha agus fhiní sóisearacha.

14. Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean.

15. Thit an crann don taobh theas ar Obaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac.

16. Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht:

17. ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh;

18. don Pharbár: ceathrar ag an mbóthar, beirt ag an bParbár.

19. Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch.

20. Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.

21. Clann mhac Ladán, clann Ghéirseon ó thaobh Ladán, bhí na hIchíéiligh mar chinn finí acu, ar fhiní Ladán an Géirseonach.

22. Bhí na hIchíéiligh, Zeátám agus Ióéil a dheartháir, i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna.

23. Maidir leis na hAmrámaigh, na hIzeáraigh, na Heabrónaigh, na hUizíéiligh:

24. ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcistí.

25. Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan.

26. Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n‑ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile.

27. (Rinneadar cuid den chreach chogaidh a thíolacadh le teach an Tiarna a mhaisiú.)

28. Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh.

29. Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach d'Iosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna.

30. Agus leis na Heabrónaigh: Ceapadh Haisibiá agus a ghaolta, míle seacht gcéad fear cumasach, le hIosrael a chosaint laistiar den Iordáin chomh fada agus a bhain le fónamh don Tiarna agus le seirbhís don rí.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 26