Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 26:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Maidir le rangú lucht faire na ngeataí: De na Corachaigh: Misilimiá mac Chórae, duine de chlann mhac [Eibi]ásáf.

2. Bhí clann mhac ag Misilimiá: Zacairiá an chéadghin, Idíael an dara mac, Zabaidiá an tríú, Iaitníéil an ceathrú,

3. Éalám an cúigiú, Iahóchánán an séú, Eiliohóaenaí an seachtú.

4. Bhí clann mhac ag Obaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú,

5. Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t‑ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa.

6. Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad.

7. Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Obaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana.

8. Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid d'Obaed Eadóm.

9. Bhí clann mhac agus bráithre ag Misilimiá; ochtar déag gaiscíoch.

10. Bhí clann mhac ag Hosá - duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé narbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 26