3. Áiríodh na Léivítigh go léir a bhí tríocha bliain d'aois nó níos mó agus ba é a líon ná tríocha hocht míle fear.
4. Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;
5. bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.
6. Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.
7. Clann mhac Géirseon: Ladán agus Simeí.
8. Clann Ladán: Ichíéil sa chéad áit, Zeatám agus Ióéil: triúr ar fad.
9. Clann mhac Shimeí: Sealmót, Haizíéil agus Hárán: triúr. Ba iad sin cinn finí Ladán.
10. Clann mhac Shimeí: Iachat, Zíneá, Ieúis, Beiríá; ba iadsan clann mhac Shimeí, ceathrar ar fad.
11. Ba é Iachat an sinsear, Zízeá an dara duine; ansin de bhrí nach raibh clann mhac mhór ag Ieúis agus ag Beiriá, áiríodh iadsan mar aon fhine amháin.
12. Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón agus Uizíéil: ceathrar.
13. Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan - é féin agus a chlann mhac go brách - le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách.
14. Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví.