Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 23:22-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. D'éag Eileázár gan oidhre mic, ach iníonacha, agus phós a ngaolta clann mhac Chís iadsan.

23. Clann mhac Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót: triúr acu.

24. Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní, cinn a bhfiní, mar a ríomhadh iad ó ainm ina nduine agus ina nduine; aon duine a bhí fiche bliain d'aois nó breis, bhí dualgas air i mbun seirbhís Theampall an Tiarna.

25. Óir dúirt Dáiví: “Thug an Tiarna Dia Iosrael síocháin dá phobal agus tá sé ag cur faoi in Iarúsailéim go brách.

26. Níl sé de cheangal ar na Léivítigh an taibearnacal ná aon ní a ghabhann le freastal air a iompar a thuilleadh.” -

27. Óir na Léivítigh a áiríodh, de réir focail deiridh Dháiví, bhí siad fiche bliain agus ós a chíonn -

28. “Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna.

29. Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt.

30. Ní mór dóibh a bheith i láthair gach maidin, agus tráthnóna chomh maith, ag moladh agus ag móradh an Tiarna,

31. agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.

32. I bhfeighil Theampall an Tiarna dóibh, leanaidís gnásanna Bhoth na Teagmhála, gnásanna an tsanctóra agus gnásanna a ngaolta, clann Árón.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 23