3. Rinne Dáiví freisin soláthairtí móra iarainn a bhailiú le chéile le tairní a dhéanamh do chomhlaí na ndoirse agus tuislí; agus bhailigh sé níos mó cré-umha ná mar d'fhéadfaí a mheá,
4. agus bíomaí céadair gan áireamh, mar thug na Síodónaigh agus na Tuírigh freisin raidhse céadair chuig Dáiví.
5. Ansin dúirt Dáiví: “Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.” Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó.
6. Chuir sé fios ar a mhac Solamh ansin agus leag de chúram air teach a thógáil don Tiarna Dia Iosrael.
7. “A mhic,” arsa Dáiví le Solamh, “bhí mé meáite i mo chroí ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia.
8. Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: ‘Dhoirt tú a lán fola agus d'fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair.
9. Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.
10. Tógfaidh sé teach do m'ainm; beidh sé mar mhac agam agus beidh mise mar athair aige, agus daingneoidh mé a chathaoir rí in Iosrael go brách.’
11. Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh.
12. Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.
13. Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!