Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 22:15-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Tá a lán oibrithe agat: lucht gearrtha cloch, saoir, siúinéirí, ceardaithe de gach sórt atá oilte

16. ar shaothar óir agus airgid agus cré-umha agus iarainn. Corraigh ort dá bhrí sin agus bí ag obair agus go raibh an Tiarna leat!”

17. D'ordaigh Dáiví do cheannairí uile Iosrael cabhrú le Solamh a mhac á rá:

18. “Nach bhfúil an Tiarna bhur nDia in éineacht libh? Nach bhfúil síocháin tugtha aige daoibh máguaird ar gach taobh? Mar thug sé lucht áitribh na tíre faoi mo bhois dom, agus tá an tír ar fad tugtha faoi smacht an Tiarna agus a phobail.

19. Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 22