Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 21:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, d'fhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; d'fhág sé an t‑urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún.

22. Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna - tabhair dom é ar a luach iomlán - i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.”

23. Ansin dúirt Ornán le Dáiví: “Tóg é, agus déanadh mo thiarna, an rí, mar is áil leis. Seo duit na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí mar adhmad, agus an chruithneacht mar abhlann. Bídís go léir agat.”

24. Ach dúirt Dáiví rí le hOrnán: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh ach ceannóidh mé uait é ar a lánluach. Ní thógfaidh mé don Tiarna an rud is leatsa; ní ofrálfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm.”

25. Thug Dáiví dá bhrí sin sé chéad seicil óir meáite d'Ornán ar an láthair.

26. Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,

27. agus thug sé ordú don aingeal agus chuir sé a chlaíomh ina thruaill.

28. Nuair a chonaic sé gur fhreagair an Tiarna é ar urlár buailte Ornán an Iabúsach, d'ofráil Dáiví íobairt dó ansiúd.

29. Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón.

30. Ach ní raibh sé ar a chumas ag Dáiví dul isteach i láthair Dé ansiúd le dul i gcomhairle leis, le barr eagla roimh chlaíomh aingeal an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 21