Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 2:7-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Clann mhac Cairmí: Ácár, a thug tubaiste sa mhullach ar Iosrael de bharr an bang a aithisiú.

8. Clann Éatán: Azairiá.

9. Clann mhac Heazrón: saolaíodh dó: Iarachmael, Rám, Calúbaí.

10. Ghin Rám Amaíneádáb, athair Nachsón, taoiseach chlann Iúdá.

11. Ghin Nachsón Salmá, ghin Salmá Boaz.

12. Ghin Boaz Obaed, ghin Obaed Ieise.

13. Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,

14. Natanael a cheathrú mac, Radaí a chúigiú mac,

15. Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac.

16. Ba iad a ndeirfiúracha Zarúá agus Aibiogáil. Ba iad clann mhac Zarúá: Aibísí, Ióáb, Asáhael, triúr.

17. Rug Aibiogáil Amásá; Ieitir an tÍsmeáélach athair Amásá.

18. Ghin Cálaeb mac Heazrón Azúbá, Íseá agus Iríót. Clann mhac [Azúbá]: Iéisir, Seobáb, Ardón.

19. Nuair a d'éag Azúbá, phós Cálaeb Eafrát a rug mac dó, Húr.

20. Ghin Húr Úirí agus ghin Úirí Bazalael.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 2