1. Seo iad clann mhac Iosrael: Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Zabúlun,
2. Dán, Iósaef, Biniáimin, Naftáilí, Gád, Áiséar.
3. Clann mhac Iúdá: Éar, Ónán, Séalá. Rug Bat Seúa an Canánach mná iadsan dó. Chuir Éar céadghin Iúdá fearg ar an Tiarna agus mharaigh an Tiarna é.
4. Rug bean a mhic Támár, Bearna agus Zearach dó. Bhí cúigear mac ar fad ag Iúdá.
5. Clann mhac Bhearnan: Heazrón agus Hámúl.
6. Clann mhac Zearach: Zimrí, Éatán, Héamán, Calcol, Dára; cúigear ar fad.
7. Clann mhac Cairmí: Ácár, a thug tubaiste sa mhullach ar Iosrael de bharr an bang a aithisiú.
8. Clann Éatán: Azairiá.
9. Clann mhac Heazrón: saolaíodh dó: Iarachmael, Rám, Calúbaí.
10. Ghin Rám Amaíneádáb, athair Nachsón, taoiseach chlann Iúdá.
11. Ghin Nachsón Salmá, ghin Salmá Boaz.