Nuair a insíodh é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile agus ghabh thar an Iordáin, tháinig suas leo, agus ghabh láthair taobh leo. Chóirigh Dáiví a shluaite in eagar catha os comhair na nAramaech agus chuadarsan i ngleic leis.