Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 18:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach.

2. Bhris sé freisin ar Mhóáb, agus thug Móáb géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

3. Chloígh Dáiví Hadad Eizir rí Zóbá agus é ar an mbealach chun a chumhacht a leathnú thar abhainn an Eofrataes.

4. Ghabh Dáiví míle carbad, seacht míle carbadóir, agus fiche míle troitheach uaidh. Ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh a choimeád sé.

5. Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 18