Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 17:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Seo an rud is gá duit á rá le mo shearbhónta Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thug mé ón talamh féaraigh thú agus ó ghiollacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

8. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An dream is mó ar talamh, ní mó a gclú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

9. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí ina n‑áit féin agus ní chuirfear isteach orthu arís, ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na drochdhaoine orthu mar a bhíodh

10. an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh mé do naimhde go léir a chloí; [déanfaidh mé mór thú]; déanfaidh an Tiarna teaghlach díot.

11. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré agus go gcaithfidh tú dul ar shlí do shinsear, ardóidh mé do shíol i do dhiaidh, mac leat féin, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

12. Eisean a thógfaidh teach dom, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.

13. Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agam; ní tharraingeoidh mé mo bhuanghrá uaidh, mar a rinne mé leis an bhfear a chuaigh romhat.

14. Déanfaidh mé é a chaomhnú go deo i mo theach agus i mo ríocht, agus beidh a ríchathaoir go daingean go deo.’ ”

15. D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 17