Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 17:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A luaithe a bhí Dáiví socair ina theach, dúirt sé leis an bhfáidh Nátán: “Féach! táimse ag cur fúm i dteach céadair, ach tá áirc chonradh an Tiarna faoi dhíon botha.”

2. Dúirt Nátán le Dáiví: “Déan gach uile ní is áil le do chroí, óir tá Dia leat.”

3. Ach an oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:

4. “Imigh leat agus abair le mo shearbhónta Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: Ní tusa an té atá le teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí.

5. Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé Iosrael amach go dtí an lá inniu, ach ag gabháil ó bhoth go both, ó dhíon go díon.

6. Le linn mo chuid taistil go léir le hIosrael go léir, ar dhúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: Cén fáth nár thóg tú teach céadair dom?’

7. Seo an rud is gá duit á rá le mo shearbhónta Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thug mé ón talamh féaraigh thú agus ó ghiollacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

8. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An dream is mó ar talamh, ní mó a gclú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

9. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí ina n‑áit féin agus ní chuirfear isteach orthu arís, ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na drochdhaoine orthu mar a bhíodh

10. an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh mé do naimhde go léir a chloí; [déanfaidh mé mór thú]; déanfaidh an Tiarna teaghlach díot.

11. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré agus go gcaithfidh tú dul ar shlí do shinsear, ardóidh mé do shíol i do dhiaidh, mac leat féin, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

12. Eisean a thógfaidh teach dom, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 17