Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 15:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.”

3. Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di.

4. Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví;

5. de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche;

6. de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche;

7. de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha;

8. de chlann mhac Eilízáfán: Seamaíá an taoiseach agus a dhá chéad gaol;

9. de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol;

10. de chlann mhac Uizíéil: Aimíonádáb an taoiseach agus a dháréag gaol ar chéad.

11. Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb.

12. Dúirt sé leosan: “Sibhse cinn finí na dteaghlach Léivíteach; naomhaígí sibh féin agus bhur ngaolta agus tugaigí áirc an Tiarna, Dia Iosrael, suas chun na háite atá ullamh agam di.

13. Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n‑aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.”

14. Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 15