1. Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus d'ullmhaigh sé áit d'áirc an Tiarna, agus thóg both di.
2. Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.”
3. Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di.
4. Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví;
5. de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche;
6. de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche;
7. de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha;
8. de chlann mhac Eilízáfán: Seamaíá an taoiseach agus a dhá chéad gaol;
9. de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol;