Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 13:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin.

7. Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr,

8. agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán.

9. Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú.

10. Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé.

11. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhladhm an Tiarna i bhfearg in aghaidh Uzá; agus tugtar an Bhladhm-in-aghaidh-Uzá ar an áit ó shin.

12. Bhí eagla ar Dháiví an lá sin roimh Dhia. “Conas a thabharfainn áirc Dé liom abhaile?” ar sé.

13. Níor thug Dáiví an áirc leis abhaile go cathair Dháiví dá bhrí sin, ach thug sé í go teach Obaed Eadóm an Gatach.

14. D'fhan áirc Dé le muintir Obaed Eadóm, ina theach, ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar mhuintir Obaed Eadóm agus ar a raibh aige.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 13