10. Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé.
11. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhladhm an Tiarna i bhfearg in aghaidh Uzá; agus tugtar an Bhladhm-in-aghaidh-Uzá ar an áit ó shin.
12. Bhí eagla ar Dháiví an lá sin roimh Dhia. “Conas a thabharfainn áirc Dé liom abhaile?” ar sé.
13. Níor thug Dáiví an áirc leis abhaile go cathair Dháiví dá bhrí sin, ach thug sé í go teach Obaed Eadóm an Gatach.
14. D'fhan áirc Dé le muintir Obaed Eadóm, ina theach, ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar mhuintir Obaed Eadóm agus ar a raibh aige.