Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus le gach ceannasaí.

2. Dúirt Dáiví le comhthionól uile Iosrael: “Más mian libh é, agus más é toil an Tiarna ár nDia é, seolfaimid teachtairí go dtí ar ngaolta eile ar fud críocha Iosrael go léir, agus go dtí na sagairt agus na Léivítigh sna cathracha agus sna tailte féaraigh ina gcóngar chomh maith, á iarraidh orthu gabháil linn.

3. Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.”

4. D'aontaigh an comhthionól go léir leis sin mar gur tuigeadh dóibh gurb é an ceart é a dhéanamh.

5. Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát d'fhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím.

6. Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin.

7. Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr,

8. agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán.

9. Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 13