Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 11:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de.

7. Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví.

8. Thog sé balla timpeall na cathrach ansin agus an Mileo chomh maith leis an mballa mórthimpeall. Rinne Ióáb an chuid eile den chathair a athnuachan.

9. Chuaigh Dáiví i neart agus i neart mar bhí Tiarna na Slua ina chuideachta.

10. Seo iad na príomhghaiscígh, iad siúd a chuaigh chun cinn i gcumhacht lena linn agus a rinne rí de, le hIosrael go léir, de réir bhriathar Dé i dtaobh Iosrael.

11. Seo é an liosta de ghaiscígh Dháiví: Iáisiobám Hacmónach, ceannaire an tríocha taoiseach. Eisean a d'imir a thua chatha ar thrí chéad agus mharaigh iad ar an toirt.

12. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó an tAchóchach.

13. Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán d'eorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh.

14. Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin.

15. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

16. Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 11