19. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
20. Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
21. Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
22. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
23. Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
24. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch.
25. Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda.
26. Na gaiscígh chróga:Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
27. Seamót ó Harod.Heiliz an Palónach.
28. Íreá mac Icéis ó Theacóá.Aibíeizir ó Anatót.
29. Sibeacaí ó Huiseá.Iolaí ó Achó.
30. Maharaí ó Natófá.Héilid mac Bháná ó Natófá.
31. Iotai mac Ríobaí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.Banáiá ó Phioráton.
32. Húrai ó ghleannta Gháis.Aibíéil ó Bhéit-ha-Arabá.
33. Azmárat ó Bhachúraím.Eiliachbá ó Sheálbon.
34. Biné-háisim ó Ghizeon.Iónátán mac Sheágae ó Harár.
35. Aichíám mac Shácár ó Harár.Eilífilit mac Úr.
36. Héifir ó Mhacaerá.Aichíá an Palónach.
37. Heazró ó Chairmeil.Nárai mac Eazbái.
38. Ióéil deartháir Nátán.Miobchár mac Haigrí.