Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 11:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.

2. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.’ ”

3. Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.

4. Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim, Iabús is é sin mar a raibh na Iabúsaigh, áitritheoirí na tíre.

5. Dúirt lucht áitrithe Iabús le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht anseo isteach.” Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, dúnfort Dháiví is é sin.

6. Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de.

7. Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví.

8. Thog sé balla timpeall na cathrach ansin agus an Mileo chomh maith leis an mballa mórthimpeall. Rinne Ióáb an chuid eile den chathair a athnuachan.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 11