Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 10:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. D'éag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht.

7. Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t‑arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu.

8. Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.

9. Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.

10. Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón.

11. Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól,

12. chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.

13. Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi

14. in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 10