Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 1:44-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

44. D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.

45. D éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.

46. D'éag Húiseám; agus Hadad mac Bheadad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh. Aivít a ba ainm dá chathair.

47. D'éag Hadad agus tháinig Samlá ó Mhasraeca i réim ina dhiaidh.

48. D'éag Samlá agus tháinig Seáúl ó Rachóbót ar an Eofrataes ina dhiaidh.

49. D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh.

50. D'éag Bálchánán agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh. Páí ab ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed iníon Mhé Záháb ab ainm dá bhean.

51. D'éag Hadad; ansin ba iad taoisigh Eadóm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet,

52. an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonón,

53. an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár,

54. an taoiseach Maigdíél, an taoiseach Iórám. Sin iad taoisigh Eadóm.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 1