35. Clann mhac Éasau: Eilífeáz, Reúél, Ieúis, Ialám, Córach.
36. Clann mhac Eilífeáz: Téamán, Ómár, Zeifí, Gatám, Canaz, Timneá, Amailéic.
37. Clann mhac Reúél: Nachat, Zearach, Seamá, Mizeá.
38. Clann mhac Shaeír: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, Diseon, Éizir, Diseán.
39. Clann mhac Lótán: Hoirí agus Homám. Ba í Timneá deirfiúr Lótán.
40. Seo iad clann mhac Sheobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seifi, Ónám. Clann mhac Zibeon: Aiá agus Aná.
41. Clann Aná: Diseon. Clann mhac Dhiseon: Hamrán, Eisbeán, Itreán, Carán.
42. Clann mhac Éizir: Bileán, Záván, Ácan. Clann mhac Dhiseán: Úz agus Arán.
43. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sular tháinig aon rí Iosraelach i réim: Beala mac Bheór, agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
44. D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.