Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 1:18-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir.

19. Rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir.

20. Ghin Ioctán Almódád, Seilif, Hazarmávat, Iárach,

21. Hadórám, Úzál, Dicleá,

22. Éabál, Abmael, Seabá,

23. Óifir, Havalá, Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.

24. Séam, Arpaicsead, Seálach.

25. Éibir, Roinnt, Reú.

26. Sarúg, Náchór, Tearach.

27. Abrám is é sin Abrahám.

28. Clann mhac Abrahám: Íosác agus Ísmeáél.

29. Seo iad a sliocht: Nabáiót céadghin Ísmeáél; ansin Céadár, agus Abdael, agus Miobsám,

30. agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad, agus Taemá,

31. agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá. Sin iad clann mhac Ísmeáél.

32. Clann mhac Chatúrá, leannán Abrahám: rug sí clann mhac dó: Zimreán, Iocseán, Madán, Midián, Isbeác, Siúach. Clann mhac Iocseán: Seabá agus Dadán.

33. Clann mhac Mhidián: Éafá, Éifir, Hanoch, Aibídeá, Ealdá. Clann Chatúra iadsan go léir.

34. Ghin Abrahám Íosác. Clann mhac Íosác: Éasau agus Iosrael.

35. Clann mhac Éasau: Eilífeáz, Reúél, Ieúis, Ialám, Córach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 1