1. Agus sé lá ina dhiaidh sin, ghlac Íosa leis Peadar agus Séamas agus a dheartháir Eoin, agus threoraigh iad i leataobh go mullach ardsléibhe.
2. Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus d'éirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas.
3. Agus b'shiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis.
4. Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both d'Elía.”
5. Ní raibh an focal as a bhéal, nuair b'shiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”
6. Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh d'uafás iad.
7. Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.”
8. Agus nuair a d'fhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin.
9. Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, d'ordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.”
10. Agus d'fhiafraigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?”
11. Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;