19. agus ó b'fhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal.
20. Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, d'aingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í;
21. béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.”
22. Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh:
23. “Féach, óigh a ghafas agus a bhéarfas mac, agus gairfear Emanuél de”(a chiallaíos, go bhfuil Dia linn).
24. Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a d'ordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile,
25. gan gabháil chuici go raibh mac aici; agus ba é an t‑ainm a thug sé air, Íosa.