Tiomna Nua

Lúcás 4:1-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus d'fhill Íosa ón Iornán, agus é lán den Spiorad Naomh, agus bhí an Spiorad á stiúradh

2. i rith daichead lá san fhásach, agus an diabhal ag cur cathuithe air. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta úd; agus is air a bhí an t‑ocras nuair a críochnaíodh iad.

3. Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.”

4. Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’”

5. Agus d'ardaigh an diabhal é, agus thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain i bhfaiteadh súile,

6. go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine.

7. Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.”

8. Agus d'fhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa,‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia,agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’”

9. Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin;

10. mar tá sé scríofa,‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’

11. agus‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú,ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’”

12. Agus d'fhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’”

13. Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, d'imigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air.

14. Agus d'fhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall.

15. Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 4