Tiomna Nua

Gníomhartha 26:1-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Dúirt Agrippa le Pól, “Tá cead cainte agat agus labhair ar do shon féin.” Shin Pól a lámh amach agus chuaigh sé á chosaint féin.

2. “Measaim go bhfuil an t‑ádh orm inniu, a Rí Agrippa, go bhfuil mé os do choinnese do mo chosaint féin in éadan na gcúiseanna uile seo a luann na Giúdaigh i m'éadan,

3. ó tá eolas faoi leith agat ar nósanna na nGiúdach agus ar na ceisteanna is mó a bhíos faoi chaibidil acu; agus táim ag iarraidh ort mar sin éisteacht go foighneach liom.

4. “Is feasach do na Giúdaigh uile conas a chaith mé mo shaol i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim ó thús m'óige.

5. Agus tá a fhios acu le fada dá mba mhian leo fianaise a thabhairt air, gur mhair mé i mo Fhairiséach de réir na seicte is déine dár gcreideamhna.

6. Agus anois táim i mo sheasamh anseo agus cúirt á cur orm i dtaobh an ghealltanais a rinne Dia dár sinsir,

7. a bhfuil dóchas ag ár dhá dtreibh déag lena fháil, agus iad ag adhradh Dé go dúthrachtach oíche agus lá. Agus is i dtaobh an dóchais sin atáthar do mo chúiseamh, a Rí!

8. Cad chuige a measann sibh gur dochreidte é, Dia na mairbh a thógáil ar an aiséirí?

9. “Chonacthas dom féin gur chóir mórán a dhéanamh ag cur in éadan ainm Íosa as Nasair.

10. Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis.

11. Agus chuir mé pionós orthu sna sionagóga uile agus mé ag iarraidh é a thabhairt orthu diamhasla a dhéanamh; agus le méid an bhuile a bhí orm ina n‑éadan, bhínn á ngéarleanúint go fiú i gcathracha na coigríche.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 26