30. Nior agair Dia na tréimhsí seo an aineolais orainn, ach go bhfuil sé anois ag foláireamh do na daoine uile san uile áit aithreachas a dhéanamh,
31. ó tá an lá socraithe aige a ndéanfaidh sé ceartbhreithiúnas ar an domhan tríd an bhfear atá ordaithe aige faoina choinne sin, agus tá bannaí tugtha aige air do na daoine uile, á thógáilsean ar an aiséiri ó mhairbh.”
32. Ansin nuair a chuala siad an focal faoin aiséirí ó mhairbh, d'éirigh cuid acu magúil; ach dúirt cuid eile, “Éistfimid leat faoi sin am éigin eile.”
33. D'imigh Pól mar sin amach as a gcomhluadar.
34. Ach bhí siad ann a cheangail iad féin leis agus a ghlac le creideamh, agus bhí Díonéis— duine a bhí ar Chúirt Chnoc Arés—agus bean darbh ainm Damaris agus daoine eile orthu.