18. Ansin, nuair a ghealaigh an lá, bhí corraí nár bheag ann i measc na saighdiúirí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é a d'éirigh do Pheadar.
19. Agus nuair a chuardaigh Iorua é gan a thásc ná a thuairisc a fháil, chuir sé céasadh ar na saighdiúirí le heolas a bhaint astu agus thug sé ordú a gcur chun báis. Chuaigh sé síos ansin ó Iúdaea go Caesaríá, agus d'fhan ansin.
20. Anois bhí Iorua i bhfeirg le muintir Thiora agus Shiodóin; agus tháinig siad uile le chéile ina láthair, agus mheall siad leo Blastus, maor theaghlach an rí, agus d'agair siad é faoi shíocháin, ó bhí a dtírsean taobh le tír an rí le haghaidh a soláthar bia.
21. Agus ar an lá a bhí ainmnithe, chuir Iorua a fheisteas ríoga air féin, agus chuaigh sé ina shuí ar a ríchathaoir gur thug sé óráid dóibh.
22. Agus ghlaoigh na daoine os ard, “Ní glór daonna é ach glór dé!”
23. Bhuail aingeal ón Tiarna buille air, ó nár thug sé an ghlóir do Dhia; agus bhí sé á chreimeadh ag cnumhóga gur éag sé.
24. Ach bhí fás agus méadú ar bhriathar Dé.
25. Agus d'fhill Barnabas agus Sáúl ó Iarúsailéim nuair a bhí a ngnóthaí déirciúla déanta acu, agus thug siad leo Eoin dár chomhainm Marcas.