Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. D'oscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus d'fhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é.