1. Agus damhairc mé, agus, féuch, Uán na sheasamh ar slíabh Sióin, agus céud ceathrar agus dá fhichid do mhíltibh na fhochair, agá raibh ainm a Athar sgríobhtha a gcláruibh a néudan.
2. Agus do chúaluidh mé gúth ó neamh, mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúaluidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil ré na gcláirseachuibh:
3. Agus do channadar mar do bhíadh céol núadh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathach, agus na seanóireadh: agus níor bhféidir déinneach an céol sin dfoghlaim achd amháin don chéud agus do na ceithre ar dhá fhichead do mhíltibh, do bhí ar na gceannach ón dtalamh.
4. A síad so an dream nár salchadh ré mnáibh; óir as ógha íad. A síad so an dream leanas an Túan gidh bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannach as meadhón na ndaóineadh, na ccéudthórtha do Dhía agus do Núan.
5. Agus ní fríth cealg na mbéul: óir atáid gan cháidhe a bhfíadhnuisi chathaóire Dé.
6. Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,