4. Achd créd é an fhreagra do bheir Día air? Do choimhéd mé dhamh féin seachd mile fear, nár fhill a nglúine do Bhaal.
5. Ar a nadhbharsin ís mar sin do fágbhadh fáoilleach ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngrás.
6. Agus más tré ghrás, ní ó oibrighthibh atá sé feasda: nó ní grás an grás uáidh sin amach. Achd más ó oibrighthibh, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.
7. Créd eile máseadh? an ní íarrus Israél ní fhuáir sé é; achd fúaradar na dáoine toghtha é, agus do dalladh an chuid eile.
8. Mar atá sgríobhtha, Tug Día spiorad chollatach dhóibh, súile chum nach bhfaicfedis, agus clúasa chum nach ccluinfedís; gus a niugh.
9. Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhúl, agus mar ghléus gabhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh:
10. Bíodh a súile dall, chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndromanna a gcomhnuidhe.
11. Uime sin fíafraighim, An bhfúaradar tuisleagh chum go dtuitfedís? nar léigidh Día sin: achd sé a dtuitimsion slánughadh na Ccineadhach, chum tnútha do chur orrthasan.
12. Agus más é a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na Gcineadhach; a né nach mó ná sin a líonmhuireachd?