21. Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna.
22. Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
23. Agus plainndéochthar íad súd a rís, achd muna bhfanuid síad a míchreideamh: óir is éidir lé Día a gcur a steach a rís.
24. Oír má gearradh thusa don chrann ola do bhí fiadháin ó naduir, agus gur cuireadh thusa a naghuidh nádúra a gcrann na fíorola: a né nach mó na sin, chuirfidhthear na géugasa atá nadúrtha, ann a gcrann ola féin?
25. Oír ní háill leam, a bhráithreacha, ainbhfios na seicréidesi do bheith oruibh, do chum nach bíadh sibh glic ann bhur mbaramhluibh féin;) go dtárrla daille air chuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineadhach a steach.
26. Agus mar sin sláineochthar Isráel uile: mar atá sgriobhtha, Tiocfa an Fear sáortha as Síon, agus fillfidh sé neamhdhíadhachd ó Iácob:
27. Agus a sé so mo chunnradh ríu, an tan thoigéubhas mé a bpeacuigh úatha.
28. Uime sin do tháobh an tsoisgéil, atáid síad na náimhdibh ar bhur sonsa: achd do tháobh na toghtha, atáid síad grádhaighe ar son na naithreach.
29. Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.