11. Ar narán laéthamhail tabhair dhúinn a niu.
12. Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin.
13. Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen.
14. Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna:
15. Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
16. Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca.
17. Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh;
18. Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.
19. Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh:
20. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe:
21. Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
22. Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach.