3. Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
4. Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
5. Rug an díabhal leis é an tansin don chathruigh náomhtha, agus do chuir sé air bhinn an teampuill é,
6. Agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg thú féin síos: óir a tá sé sgríobhtha, Go ttiobhruigh sé aithne da ainglibh ad thimcheall: agus toigabhuidh said thú ann a lámhaibh, do chum nach mbúailfeá do chos fá chloich.
7. A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.
8. Rug an diabhal a rís é do chum sléibhe ro áird, agus do thaisbeín sé dhó rioghachda an domhain uile, agus a nglóir;
9. Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh.
10. A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
11. Do fhágaibh an díabhal é an tansin, agus, féuch, tangadar na haingil agus do rinneadar friotholamh dhó.
12. Agus an tan do cúalaidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé;
13. Agus ar bhfágbháil Nasárét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capearnáum, do bhí chois na fairge, a leithimeal Shabulon agus Nephtailim:
14. Do chum go gcoimhlionfuidthe an ní a dubhairt Esaias fáigh, noch a deir,
15. Talamh Sabulon, agus talamh Nephtalim, slighe na fairge, ar an dtáobh thall do Iórdan, Galilé na Gcineadhach:
16. An pubal do bhí no shuidhe a ndorchadas do chunnairc sé soillse mhór; agus atá solus ar neirghe do na dáoinibh atá na suidhe a gcrich agus a sgáile an bháis.
17. O sin a mach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhéanamh ag rádh, Déanuidh aithrighe: oír dhruid an rioghachd neamhdha ribh.
18. Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.