23. Agus an tan do fhéuch Iósa na thimcheall, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Créd é a dhocamhluighe don mhuinntir agá bhfuil saidhbhrios dul a sdeach go flaitheas Dé!
24. Agus do bhí úathbhás ar a dheisciobluibh tré na bhríathruibh. Agus ar bhfreagra Díosa a rís, a dubhairt sé riú, A chlann, créd é dhocrachd don mhuinntir chuireas a ndóigh a saidhbhreas, dul a sdeach go flaitheas Dé!
25. As fusa do chámhall dul tré chró snáthaide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach do flaitheas Dé.
26. Achd do ghabh barrúathbháis íadsan, ag rádh eatorra féin, Máseadh cía is éidir do shlánughadh?
27. Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air chumas do dháoinibh, achd a tá sé ar chumas do Dhía: óir a táid na huile neithe soidhéunta do Dhía.
28. Agus do thionnsgain Peadar a rádh ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa.
29. Achd ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé, A deirim ribh go fírinneach, nach bhfuil éin neach fhuigfeas a thigh, nó a dhearbhráithreacha, nó a dheirbhsheathracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a dhúthaidh, ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil,
30. Nach bhfuige sé a chéud oiread a nois ann sa naimsirso, tighthe, agus dearbhraichracha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, agus dúthaidh, maille ré hannró; agus ann sa tsáoghal a tá ag teachd an bheatha mharthannach.