Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:20-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Fá a namsin rugadh Máoise, agus do bhí sé taitneamhach ag Día, agus do hoileadh é feadh thrí míos a dtigh a athar:

21. Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin.

22. Agus do bhí Máoise foghlomtha a nuile éagna na Négipteach, agus do bhí sé cúmhachdach a mbríathruibh agus a ngníomharthuibh.

23. Agus ar gcoimhlíonadh aimsire a dhá fhichead blíadhan dó, táinic ann a chróidhe dul dféuchain a dhearbhráithreach féin chloinne Israél.

24. Agus ar bhfaicsin duine áirighe ag fulang éugcóra, do chosain sé é, agus ar mbúaladh a Néigiptaigh dhó, do rinne sé dioghaltas air son an tí ar a ndearnadh a néugcóir:

25. Oír do mhéas sé go dtuigfidís a dhearbhráithreacha go dtiubhradh Día fúasgladh tré na láimhsion dóibh: gidheadh níor thuid siadsan sin.

26. Agus an lá na dhíaigh sin ar mbeith dhóibh ag comhrac do thaisbéin sé é féin dóibh, agus do bhí sé déanamh síothchana eatorra, ag rádh, A dháoine, as dearbhraithreacha da chéile sibhj; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a chéile?

27. Achd do chuir an té do rinne a néugcóir ar a chómharsuin úadh é, ag rádh, cía rinne úachdarán agus breítheamh dhíotsa ós ar gcoinne?

28. An mían riot misi do mharbhadh, mar do mharbh tú an Tégiptach a né?

29. Do theith Máoisi ann sin ris an bhfocal sin, agus do bhí sé na dheóraidh a dtalamh Mhádian, sa nionad ann a rugadh días mac dhó.

30. Agus ar gcríochnughadh dhá fhichead bhlíadhan, do taibhreadh dhó a bhfásach shléibhe Sína aingeal an Tighearna a lasair theineadh a ndos.

31. Agus ar ná fhaicsin do Mháoise, do ghabh iongnadh fan táibhse é: agus ar dteachd dó dhá bhréathnughadh, táinic gúth an Tighearna chúige,

32. As misi Día haithreach, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeith do Mháoise ar crith, níor lamh sé aire do thabhairt dó.

33. Achd a dubhairt an Tighearna ris. Sgáoil do bhróga dod chósaibh: oír is talamh náomhtha an tionad ann a bhfuill tú ad sheasamh.

34. Tug mé dom aire, go friochnamhach, ámhgar mó phóbail nóch atá sa Néigipt, agus do chúalaidh mé a nósnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thú.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7