12. Iarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bíghidh mar misi, do bhrígh go bhfuilimse mar sibhse: ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.
13. Agus atá a fhios aguibh gur tré éugcrúas na feóla do sheanmóir mé dháoibh an soisgéul ar tús.
14. Agus ní raibh tarcuisne ná grain aguibh air mo chathughadhsa um fheóil; achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.
15. Uime sin créd í an cháill shonuis do bhí oruibh? óir do ním dfíadhnuíse dháoibh, go mbeanfadh sibh da madh éidir é, bhur súile féin amach, re na dtabhairt damhsa.
16. Ar a nadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh, fán bhfírinne dinnisin díbh?
17. Ní ré máith, atá teasghrádh acadhsan dáoibh, achd bá mían riu sinne do chur amach uáibhse; ionnus go mbíadh teasghrádh aguibhsi dhóibh féin.
18. Achd as maith an teasghrádh ré bheith go siorruidhe a ní mhaith, agus ní hé amháin an tan bhímse bhur lathair.
19. A chlann bheag, agá bhfuilim a rís ré niodhnuibh bhur dtimcheall nó go ndealbhthar Críosd ionnuibh,
20. Agus do bfearr leam go mbéinn bhur láthair a nois, chum mo ghótha dáthrughadh; óir atáim amharnsach orúibh.